Rann na Feirste 12ú-16ú Bealtaine 2025

Bhí seachtain den scoth ag na páistí ó rang a cúig agus a sé i Rann na Feirste, Contae Dún na nGall. Bhain siad sult as an gcúrsa uilig, ag foghlaim na Gaeilge, ag canadh amhráin, ag damhsaíocht agus ag imirt cluichí le cheile. Bhain formhór na bpáistí taitneamh as cadhcáil ar an loch agus bhí lá iontach acu i nDún Lúiche, áit aoibhinn in aice le Sliabh Earagail. Ar an deireadh lá, thaistil céad seasca páiste go dtí Trá Carraige Finne agus bhí spórt agus spraoi acu ar an trá. Leanamar ar aghaidh go dtí Clochán Liath le haghaidh siopadóireachta. Cheannaigh siad bosca milseáin agus bronntanais beaga dá Bean an Tí agus dá dteaghlaigh i Droim Ineasclainn. Mhol na múinteoirí agus na clainn i Rann na Feirste na páistí as a sarbhéasa agus a ndíograis. Tá súil againn go leanfaidh siad ag baint sult as an nGaeilge agus go gcuimhneoidh siad ar an taithí seo go deo.

Tá grainghraif le feiceáil anseo.